Is é Idirimhalartán Litríocht Éireann (ILÉ) an ghníomhaireacht náisiúnta in Éirinn a bhfuil freagrach as litríocht na hÉireann a chothú thar lear. Tá sé mar chion oibre ag an eagraíocht, feasacht agus tuiscint idirnáisiúnta de litríocht Éireannach na haimsire seo a chruthú, go príomha san aistriúchán. Bunaíodh é i 1994, agus tá tacaíocht tugtha ag ILÉ don aistriúchán de níos mó ná 1,200 saothar liteartha Éireannacha go 46 teanga ar fud an domhain. Cuireann ILÉ sparánacht cónaitheacha ar fáil d'aistritheoirí liteartha, eagraíonn ILÉ imeachtaí d'aistritheoirí agus d'údair, cabhraíonn ILÉ le húdair Éireannach páirt a ghlacadh sna féilte idirnáisiúnta agus glacann ILÉ páirt rialta sna móraontaí leabhair ar fud an domhain.
Bronntar deontais aistriúcháin um ILÉ ar fhoilsitheoirí idirnáisiúnta atá ag lorg tacaíochta i gcomhair aistriúchán de litríocht na hÉireann* agus d'fhoilsitheoirí Éireannacha d'aistriúcháin de litríocht ó theangacha coigríche go Béarla nó Gaeilge. Cuireann ILÉ ranníocaíocht shubstaintiúil ar fáil i gcomhair táillí an aistritheora.
Ní mór d'fhoilsitheoirí iarratas a dhéanamh ar a laghad trí mhí sula bhfuil an t-aistriúchán le foilsiú. Tagann bord na stiúrthóirí ó ILÉ le chéile cúig huaire in aghaidh na bliana chun iarratais a mheasúnú, lena meastar ar bhonn iomaíochta. Tá na spriocdhátaí iarratais ar fáil ar www.irelandliterature.com/deadlines
Ullmhaigh d'iarratas leis an seicliosta don iarratas deontais aistriúcháin:
Ní mór d'iarratasóirí sampla gearr den aistriúchán a chur faoi bhráid ILÉ, agus ansin measfaidh saineolaí neamhspleách é. Ullmhóidh ár saineolaí tuarascáil a chuirfidh sé faoi bhráid bhord na stiúrthóirí de ILÉ, chomh maith leis an mbuniarratas i gcomhair measúnaithe.
Seolfar litir fhoirmiúil den bhronnadh chuig iarratasóirí a éiríonn leo deontas a fháil, agus eiseofar conarthaí laistigh de deich lá ón gcruinniú boird.
Ní mór d'fhoilsitheoirí ar éirigh leo deontas a fháil, na míreanna seo a leanas a chur faoi bhráid an ILÉ i gcomhair íocaíocht don deontas aistriúcháin a fháil.
Tugtar faoi deara, le do thoil: Is é trí dheontas aistriúcháin sa bhliain an t-uasmhéid a bhronnfaidh ILE ar fhoilsitheoir faoi leith, de ghnáth.
Má bhíonn aon cheist agat maidir leis an bpróiseas iarratais, seol ríomhphost chugainn le do thoil ar info@irelandliterature.com nó glaoigh orainn ar 00353 1 678 8961.
* Seánraí i dteideal: ficsean liteartha, neamhfhicsean liteartha, litríocht do leanaí, filíocht agus dráma.