Ireland Literature Exchange

Céard é Idirimhalartán Litríocht Éireann (ILÉ)?

Cuireann Idirimhalartán Litríocht Éireann litríocht na hÉireann idir Béarla agus Gaeilge chun cinn go hidirnáisiúnta. Déanaimid é seo sa chéad áit trí dheontais aistriúcháin a bhronnadh ar fhoilsitheoirí idirnáisiúnta. Chomh maith leis sin, tugaimid sparánachtaí aistriúcháin cónaitheachta d’aistritheoirí liteartha, eagraímid imeachtaí do scríbhneoirí agus d’aistritheoirí, agus glacaimid páirt rialta sna móraontaí leabhar. Ina theannta sin, cuirimid fáilte roimh iarratais ar dheontais ó fhoilsitheoirí Éireannacha ar mian leo litríocht idirnáisiúnta a aistriú agus a fhoilsiú.

Is eagraíocht neamhbhrabúis é ILÉ, a fhaigheann maoiniú ón dá Chomhairle Ealaíon in Éirinn, ó Chultúr Éireann agus ó Bhord na Leabhar Gaeilge. Ó bunaíodh é i 1994, tá os cionn 800 leabhar aistrithe go 40 teanga i 34 tír, le cabhair ILÉ.

 
 

Céard a dhéanann ILÉ?

  • Reáchtálann sé Scéim Chistithe Aistriúcháin. Tugann an scéim seo deontais aistriúcháin d’fhoilsitheoirí, agus maoiníonn sé aistriúchán ar litríocht na hÉireann go teangacha coigríche, agus aistriúchán ar litríocht choigríche go Béarla nó go Gaeilge. Níl aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge ná ó Ghaeilge go Béarla incháilithe le haghaidh deontas.

  • Tugann sé Sparánachtaí Aistriúcháin Cónaitheachta d’aistritheoirí liteartha.

  • Eagraíonn sé imeachtaí idirnáisiúnta do scríbhneoirí agus do aistritheoirí.

  • Tugann sé faisnéis d’fhoilsitheoirí, gníomhairí, aistritheoirí, scríbhneoirí agus daoine leasmhara eile.

  • Foilsíonn agus dáileann sé New Writing from Ireland.

  • Bíonn sé i láthair ag aontaí leabhar idirnáisiúnta.

  • Glacann sé páirt i dtionscnaimh idirnáisiúnta litríochta.
 
 

An Scéim Chistithe Aistriúcháin

Cé a fhéadfaidh cur isteach ar dheontais aistriúcháin?
Foilsitheoirí coigríche maidir le haistriúcháin go teangacha coigríche, agus foilsitheoirí Éireannacha maidir le haistriúcháin i mBéarla nó i nGaeilge.

Cé na saothair atá incháilithe?
Beathaisnéis, litríocht do pháistí, drámaíocht, litríocht ficsin, stair, filíocht, agus léirmheastóireacht liteartha. Tá sampla de na saothair ar thug ILÉ tacaíocht dóibh le déanaí le fáil ar ár suíomh idirlín.

Cén cúnamh deontais atá ar fáil?
Tugann ILÉ deontas substainteach i leith tháillí an aistritheora d’iarrthóirí a n-éiríonn leo.

Conas a dhéanaim iarratas?
Ní mór na treoracha atá sa seicliosta a leanúint chun iarratas a dhéanamh.

Conas a dhéantar iarratais a mheas?
Tar éis do shaineolaí sampla den aistriúchán a léamh, déanann bord ILÉ, a thagann le chéile cúig huaire sa bhliain, an t-iarratas a mheas. Má cheadaítear deontas, gheobhaidh tú litir á dheimhniú sin, mar-aon le conradh, go gairid i ndiaidh an chruinnithe. Gheobhaidh iarrthóirí scéala maidir le cinneadh an bhoird taobh istigh de 6 seachtaine ón spriocdháta.

Cé a fhaigheann íocaíocht?
Foilsitheoir an aistriúcháin, tar éis do ILÉ cruthúnas a fháil gur íocadh an t-aistritheoir, mar-aon le 6 chóip den saothar críochnaithe; ní mór cistiú ILÉ a bheith admhaithe sa saothar críochnaithe sin.

 
 

Sparánachtaí Aistriúcháin Cónaitheachta

Gach bliain, bronnann ILÉ sparánachtaí aistriúcháin cónaitheachta d’aistritheoirí liteartha atá ag aistriú saothar litríochta Éireannach. Ó tosaídh an scéim seo sa bhliain 2002, tá sparánachtaí bronnta ag ILÉ ar aistritheoirí liteartha as Meiriceá Theas, ón Romáin, ón Liotuáin, ón Eastáin agus ón Ungáir.

Chun a thuilleadh eolais a fháil, scríobh chuig info@irelandliterature.com.

 
 

New Writing from Ireland

Cuireann ILÉ New Writing from Ireland amach uair sa bhliain. Ar áireamh ann bíonn lear mór leabhar le scríbhneoirí Éireannacha, leabhair a bhfuil cearta aistriúcháin ar fáil ina leith.
Chun cóip saor in aisce a fháil, scríobh chuig info@irelandliterature.com. Is féidir an chatalóg seo a léamh anseo freisin.

 
 

Aontaí Leabhar

Déanann ILÉ freastal ar aonach leabhar Londan agus Frankfurt gach bliain, mar-aon le haontaí leabhar eile ó am go chéile.

 
 

Imeachtaí do Scríbhneoirí agus d’Aistritheoirí

Reáchtálann ILÉ méid áirithe imeachtaí idirnáisiúnta do scríbhneoirí agus d’aistritheoirí. Chun a thuilleadh eolais a fháil, seol teachtaireacht ríomhphoist chuig info@irelandliterature.com

Cuirimid fáilte roimh iarratais ar dheontais, fiosruithe agus aiseolas faoinár gclár. Má tá a thuilleadh faisnéise faoi ILÉ ag teastáil uait, nó má tá aon cheist eile agat i dtaobh hiarratas a dhéanamh, cuir teachtaireacht ríomhphoist chuig info@irelandliterature.com, tabhair cuairt ar ár suíomh idirlín iwww.irelandilterature.com nó buail isteach chugainn ag Aonach Leabhar Frankfurt.

Sinéad Mac Aodha
Stiúrthóir
Idirmhalartán Litríocht Éireann

sponsors

Legal Note Ireland Literature Exchange, 25 Denzille Lane, Dublin 2, Ireland.
Tel: +353 (0)1 678 8961 / 662 5687 Fax: +353 (0)1 662 5687 Email: info@irelandliterature.com