Ireland Literature Exchange

Ireland Literature Exchange
Chun iarratas a dhéanamh ar dheontas ó Idirmhalartán Litríocht Éireann, cuir na cáipéisí agus an fhaisnéis seo a leanas isteach chuig:

Is iad spriocdhátaí 2006 ná an 11 Eanáir, 22 Feabhra, 5 Aibreán, 28 Iúil agus an 31 Deireadh Fómhair.

Sinéad Mac Aodha
Stiúrthóir
Idirmhalartán Litríocht Éireann
25 Lána Denzille
Baile Átha Cliath 2
Teil: +353 (0)1 678 8961; (0)1 662 5807
Faics: +353 (0)1 662 5687
Ríomhphost: info@irelandliterature.com

  • Cóip den chonradh/chomhaontú sínithe idir an foilsitheoir agus sealbhóir chearta an aistriúcháin.
  • Cóip den chonradh/chomhaontú sínithe idir an foilsitheoir agus an t-aistritheoir.
  • Dhá chóip d’aistriúchán samplach den saothar (6 dhán nó 10-12 leathanach próis). Má tá breis agus aistritheoir amháin i gceist (e.g. duanaire), tabhair samplaí d’obair a rinne beirt aistritheoirí, ar a laghad. Cuir uimhir le gach leathanach.
  • Dhá chóip den saothar bunaidh.
  • Táille an aistritheora in Euro. Tabhair táille iomlán an aistriúcháin agus tabhair miondealú iomlán ar na rátaí más féidir sin a dhéanamh (e.g. táille in aghaidh an charachtair, in aghaidh na líne, in aghaidh an leathanaigh).
  • Cóip de curriculum vitae/résumé an aistritheora.
  • Mionsonraí i dtaobh (a) an líon iomlán leathanach sa saothar bunaidh; (b) teideal an tsaothair atá á aistriú; (c) an dáta foilsithe atá beartaithe; (d) an líon cóipeanna den fhoilseachán atá le cur i gcló agus (e) an plean dáileacháin agus margaíochta don saothar.
  • Cé nach bhfuil sí riachtanach i gcomhair d’iarratais, d’fhéadfá an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt dúinn faoin saothar bunaidh, mar chúnamh dár gcuid taifead: faisnéis bheathaisnéise, an líon cóipeanna a cuireadh i gcló, praghas, figiúirí díolacháin agus léirmheasanna ar an saothar sin.

Déan cóip den seicliosta seo a líonadh isteach agus a sheoladh chugainn le d’iarratas.
Má bhíonn aon cheist agat, cuir teachtaireacht ríomhphoist chuig: info@irelandliterature.com.


 

 

Legal Note Ireland Literature Exchange, 25 Denzille Lane, Dublin 2, Ireland.
Tel: +353 (0)1 678 8961 / 662 5687 Fax: +353 (0)1 662 5687 Email: info@irelandliterature.com